Cáin Chláraithe Feithicle

Conas feithicil úrnua agus feithicil a allmhairíodh go hÉirinn a chlárú.

Clárúcháin Feithicle / CCF

Ní mór d’fheithiclí agus d’fheithiclí nua a allmhairítear mar nua nó a úsáidtear Cáin Chláraithe Feithicle a íoc (CCF) agus CBL agus leithdháiltear cláruimhir Éireannach orthu ansin.
-Feithiclí Nua: Nuair a cheannaíonn tú feithicil nua ó do dhéileálaí gluaisteán cláróidh siad d’fheithicil ar do shon.
-Feithiclí Nua agus Úsáidte Iompórtáilte ag an úinéir: Ní mór duit an fheithicil a thabhairt do d’Ionad NCTS áitiúil a ríomhfaidh agus a bhaileoidh an CCF agus CBL agus a leithdháilfidh cláruimhir feithicle duit. Déantar coinní ina leith seo trí theagmháil a dhéanamh le (01) 4135975.
-Feithiclí Nua agus Úsáidte Iompórtáilte ag Déileálaí: Cláróidh an déileálaí d’fheithicil ar do shon.

Is féidir cáin a ghearradh ar líne ar fheithicil Nua nó ar fheithicil Iompórtáilte 24 uair tar éis eisiúint na huimhir chláraithe trí úsáid a bhaint as na 6 dhigit dheireanacha den Uimhir Aitheantais Feithicle (Uimh. VIN / Fonnadh) mar an UAP Athnuachana Ar Líne.

Gluaisteáin atá cláraithe lasmuigh d’Éirinn
Gearrfar cáin i gcónaí ar ghluaisteán príobháideach a cláraíodh thar lear den chéad uair roimh 1 Eanáir 2008 ar mhéid an innill (cc). Ní bhaineann an córas mótarchánach CO2-bhunaithe le hallmhairí athláimhe a cláraíodh thar lear roimh 2008.
Gearrfar cáin ar ghluaisteán príobháideach a cláraíodh thar lear den chéad uair idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 san áireamh agus a cláraíodh in Éirinn ina dhiaidh sin ar cibé acu is lú de na rátaí mótarchánach bunaithe ar mhéid an innill (cc) nó ar astuithe CO2. Tá an chomparáid bunaithe ar na rátaí mótarchánach amhail an 1 Nollaig 2011.

Gearrfar cáin ar ghluaisteán príobháideach a cláraíodh thar lear den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008 agus a cláraíodh in Éirinn ina dhiaidh sin ar astuithe CO2. -

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar iompórtáil feithiclí isteach sa Stát féach le do thoil www.revenue.ie

Lógó Cur Chun Cinn Chill Chainnigh
mana Chill Chainnigh: Come See Come Déan